School: Gort an Choirce
- Location:
- Gort an Choirce, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Giolla Easboic
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort an Choirce
- XML Page 110
- XML “Urnaí eile - An Aiséirí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- urnaighe eile-An Eiséirigh
An eiséirigh chualaidh tú léighte as leabhar na nGaedheal
'Críost a chuaidh an sochair, mar rinneadh Íosa a chrochadh ar chrann
Aoine an chrochaimh cuimhneach, tabhairgidh iall de bhur gciall
a cheannacht Shíol Éabha, bhí Mac na hóighe i bfian
A Mhuire chá-n é do chabhair féin a thainic nuair thainic an duine dall anoir as na h Indhiaca thoir agus sleagh ghéar leis 'na láimh
A Mhuire, is mairg a bhainfeadh an tsleagh le cur fríd corp mó Shlánuightheóra. bean fá na chosa, bean fá na cheann, an treas bean faoi ghrúis Dé.
Fáilte rómhat a Mhícheáil mhaith, is tú a ghéilfeadh dó'n tsleagh ghlain. Braithlín gheal ar shliabh na hóige atharughadh bruighinn agus glóir'. Is iomdha comhartha a's gárda ar an urchóid agus an grian a- fás.
An té a mbéadh an eiséirigh aige agus deirfeadh achan lá i, ní dual do leacacha ifrinn anois no go bráthach.is dóiche go bhfuil seo thuas measgtha. Seo mar fuair mise é ó Áine Ní Fíoruisge (dalta)- Informant
- Áine Ní Fíoruisge
- Gender
- Female