School: Gort an Choirce
- Location:
- Gort an Choirce, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Giolla Easboic
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort an Choirce
- XML Page 76
- XML “Amhrán - Art Ó Ceallaigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Amhrán – Art Ó CeallaighI
O, bhí mé lá 'mháin 'gabhail amach na Mídhe,
I dtigh Art Uí Cheallaigh a chaith mé an oidhche;
Casadh teach follamh damh, teine gan daoine,
A's shuidh mise síos ann a dheanamh mo sgíthiste.
'Sím bóII
Níor bhfada is níor ghearr go dtainic Art un tighe,
Níor dhubhairt sé Good Morrow gur fhiafruigh sé díomsa,
What is the matter, no ' dhuine cá mbíonn tú,
No goidé an donas a sheol un mo tighe tú.
'Sím bó.III
Is stragláire mise as Conndae na Mídhe,
A thainic isteach a lasadh mo phíopa.
Thainic mé isteach a dheanamh mó sgíthiste,
A's dá suidhion amuigh, ba bhfada liom an oidhche.
'Sím bó.IV
Maise b'annamh le stragláire a theacht un mo thighe-se,
Ní thainic ariamh a's ní thiocfaidh a choidhche,
Níl annseo acht mise a's mo inghean bheag.
'S dá mairfeadh sin m'athair ní thabhairfinn greim bídh dó.
'Sím bó.V
Is mairg dóin athair a bhí da do shaothruigheadh,
Nach dtabhairfea greim bídh dó fasgadh nó dídean.
Míle alltú dóin righ nach bhful a dhath de mo ghaol leat,
Nó is duine thú na bhful cosamhail le Críostaidhe.
"Sím bó"(continues on next page)