School: Gort an Choirce
- Location:
- Gort an Choirce, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Giolla Easboic
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort an Choirce
- XML Page 93
- XML “An tAmhrán Breágach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An t-Abhran Bréagach Chonnaic mé an teampall dá deanamh sa tuinn udaigh thíar.
Bhí an ruacán gan aithbhéil 'gearrach cloch ag a thaoibh
Bhí an gaineamh ar chárr ann is bhí an báirneach dá mheascadh fríd aol
Bhí reithe as an Spáinn ann agus bárd ag seinm ar phíob.Chonnaic mé indé agus mé mo shuidhe ar a stól
Bhí oiread cnuic sléibhe ar mhéis i seomra an Ríogh
Bhí iolar a'sgréachaigh indiaidh a bheith rósta mí
Bhí muileann Ní Néill ag éileamh pósta ar mhnaoí.Chonnaic mé Dia Domhnaigh é a'rómhar an chnuic udaí thall
Dubhan-alla a's bróga air's badh bhródamhail é a'réidhteach a chinn
Bhí seangan a's cóiste air a's é lodaidheacht cloch as an pholl
Bhí creabhar i gcionn a chró- iarainn, é cóirighthe is hata ar a cheann.Chonnaic mé an Pápa ag cárdail barraigh Dia Luain
Seilmhide a párail sráide agus Lundain le tuaigh
Bhí Corcaigh i mbád a'snamh ar mhullach an tsléibh' ruaidh
Bhí muileann a's ceardhcha i lár na Cruite ar an chuaichChonnaic mé tarbh bhí marbh le trí chéad lá
'Lodaidheacht abair go sasain gan gan long gan bád
Cearc fhraoich agus bata aicí a'briseadh cloch aoil ar sráid
Mac tíre ar a phaidrín istigh i ndam uisge ar teach bárr.(continues on next page)- Informant
- Iníon Ní Chuinneagáin
- Gender
- Female