School: Gort an Choirce
- Location:
- Gort an Choirce, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Giolla Easboic
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort an Choirce
- XML Page 129
- XML “Ramás”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- RámásCá raibh tú aréir?
Thíos 'dtigh Mhánuis
Cé'n Mánus?
Mánus Geibide
Cé'n geibide?
Geibide seabhaic
Cé'n seabhac?
seabhac sealgáire
Cé'n sealgaire?
Sealgaire an chinn bháin
Cé'n ceann bán?
ceann bán Eoghainín
Cé'n Eoghainín?
Eoghainín Airt
Cé'n Art?
Art an phuill
Cé'n poll?
Poll an aráin
Cé'n t-arán?
Arán síl
Cé'n síol?
Síol an tighearna
Cé'n tighearna?
Tighearna Seán
Cé'n Seán?
Seán beag midineach, sgidineach, ag ithe preataí rósta a's gráinnín beag salainnRámás eileBhí rí ann fad ó agus ma bhí féin ba mhaith an rí é.
Bhí mac ag an rígh agus ma bhí féin ba mhaith an mac é
Bhí sleaghán ag an mhac agus ma bhí féin ba mhaith an sleaghán é.
Bhain an sleaghán fód agus ma bhain féin ba mhaith an fód é.
Bhí ubh faoí'n fhód agus ma bhí féin ba mhaith an ubh í.
Bhí éan san uibh agus má bhí féin ba mhaith an téan é
agus dá mbíodh ruball ar an éan bhéádh mo sgeul ní b'fhuide.