School: Gort an Choirce
- Location:
- Gort an Choirce, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Giolla Easboic
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort an Choirce
- XML Page 57
- XML “Na Trí Bhréagach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgeul - Na trí bhréagachBhí rí thall sa Ghréig am amháin agus bhí inghean aige. Ní bhfuigheadh aon fhear í le pósadh acht an té a bhainfeadh trí bhréagach as an righ. Tharla go raibh Éireannach ins an tír sa'n am agus dubhairt sé leis féin go bhfiachadh sé leis an trí bhréagach a bhaint as an rí, agus a ingean a fhághail le pósadh.
Lá amháin bhí an rí amuigh a'siubhal agus casadh an tEireannach air. Siubhal síad leo ag cainnt 'sa comhrádh agus thainic siad fhad le cruach fhéir a bhí istigh i bpáirt. " Geall nach bhfaca tú cruaich féir comh mór sin ariamh" arsa'n rígh." Ní fhaca" ars an t Éireannach " acht ceann a bhí ag m'athair sa bhaile, agus nuair a bhíodh na gealamháin thuas ar a bhárr bhíodh siad a'piocadh na réaltóg as an spéir." " Bréagach thú" ars an rí. "Sin sgéar amháin de do inghin agam" ars'an fear.
Shiubhal siad leo agus casadh gárradh cáil ortha. Dubhairt an rí "geall nach bhfaca tú croidhtheacha cáil ariamh comh mór sin". " Ní fhaca " arsa n tÉireannach, acht rudaí a bhí ag m'athair 'sa bhaile. Nuair a bhíodh cioth cloch sneachtaidh ann théigheadh na beathadhaith[?] isteach faoí na duilleogaí, ar fosgadh". " Bréagach thú" ars an rí." "'Sin dhá sgéar de d'ingin agam(continues on next page)- Informant
- Gráinne Ní Ghonagail
- Gender
- Female
- Address
- An Ardaidh Bheag, Co. Donegal
- Informant
- Seán Mac Ghonagail
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- An Ardaidh Bheag, Co. Donegal