School: Gort an Choirce
- Location:
- Gort an Choirce, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Giolla Easboic
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort an Choirce
- XML Page 157
- XML “Tuilteacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ins an bhliadhain 1880 ar an 15adh Lughnasa, Lá Fhéile Mhuire Mór sa'n Fhóghmhair bhí tuile mór i nGaoth Dobhair.
Ar maidin an lae sin bhí sé comh bréagh agus d'iarrfeadh dó bhéal a bheith agus chuaidh muinntear na h-áite 'un an Aifrinn mar ba ghnáthach. Nuair a bhí na daoine istigh ag an Aifreann, rinne sé báisteach iongantach trom thuas fá na sléibhte. Thainig an tuile anuas an abhainn agus thainig turtóga agus glár anuas leis an tuile agus chruinnigh sé ag béal na h-abhna. Bhí an abhainn 'na reith le taobh thig an phobaill ins an am seo agus d'éirigh tuile ins an abhainn. Thainig an t-uisge isteach ar urlár thig an phobail agus b'éigean dó na daoine dhul suas ar na staighrí agus a dhul amach ar na fuinneoga. B'éigin dóbhtha rópaí a fhághail agus rinneadar a ndícheall gach duine a shábhail ach cailleadh cúigear duine.
Ins an bhliadhain 1889 marbhuigheadh an Máirtíneach ag Teach-Phobail Dhoire Beag fosta ar an 3adh Feabhra a tharla seo. Bhí cogadh na Talmhan ar siubhal ins an am. Thug na péas iarraidh ar an Saghart 'Ac Pháidín a ghábhadh, mar gur(continues on next page)