School: Gort an Choirce
- Location:
- Gort an Choirce, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Giolla Easboic
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort an Choirce
- XML Page 34
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- SgeulBhí cuid fiana Chonnacht agus cuid fianna Dhún-na-nGall i dtólamh a'troid agus i dtólamh amuigh ar a chéile. Chuir fianna Chonnacht sgeula anuas chuig cuid fiana Dhún-na-nGall a ghabhail suas ar féasta. Dubhairt siad leo dá mbíodh siad isteach le chéile go mairbhfeadh siad an saoghal D'iarr siad ortha gan airm ar bith a bheith leo. Smaoinigh Goll mór ná'r náir' díobhtha a dhul suas gan rud éiginteacht a bheith leo, agus sháith sé an sgian mhór suas faoí mhuinchille a sgaoilteóige. D'imthigh siad leo annsin go raibh siad istigh thuas i gConnacht.
Bhí suipear breágh feola réidh ag cuid fiana Chonacht agus nuair a chuaidh cuid fiana Dhúin-na-nGall isteach shuidh siad thios i gceann a' tíghe. Chaithfeadh fiana Chonnacht cnámh síos chuig fiana Dhúin-na-nGall agus deirfeadh siad leo " Bíghidh go súgach" D'eirfeadh fiana Dhúin-na-nGall. Bígidh féin go súgach ó's agaibh tá an t-adhbhar. Bhí siadsan ag ithe na feóla.
D'éirigh fear dé'n muintear thuas ina sheasamh Bhuail sé dorn ar Gholl Mór Mac Mórna. Bhris sé naoí n-easnacha i na dhruim, naoí bhfiacla i na cheann. D'éirigh fear mór na Mórna, bhuail sé an dara dorn ach chár bhuail ariamh gan a bheith teann. Bhris se naoí n-easna i na dhruim,(continues on next page)- Informant
- Áine Ní Fhuaruisge
- Gender
- Female