School: Gort an Choirce
- Location:
- Gort an Choirce, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Giolla Easboic
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort an Choirce
- XML Page 36
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- SgeulBhí fear darbh ainm Pádraic mór i na chomhnuidhe i gCloich-Cheann-Fhaolaidh fad ó shoin agus bhí se de'n bharamhail nach raibh a'n fhear eile ar an tsaoghal a bhí comh hurradhanta leis féin. Chualaidh sé go raibh gabha i nGaoth-Dobair a raibh iomrádh air a bheith ar an fhear a ba láidre a bhí sa pharóiste sin.
Lá amháin geimhridh chaith Pádraic an srian agus an dialaid ar a bheathadhach, agus siud siar go Gaoth-Dobhair é go bhfeiceadh sé an raibh an gabha ionchurtha leis féin i láidreacht agus i neart. Nuair a tharraing sé an beathadhach isteach na cheardtha, d'iarr sé ar an ghabha cruidhtheacha a chur ar a bheathadhach. Thoisigh an gabha a dheánamh na gcnuidhtheach. Nuair a bhí an chead chrudh deánta agus fóirighthe aige, chaith sé ar an urlár é agus thoisigh sé a dheánamh an dara ceann. Bheir Pádraic ar an chrudh idir an dhá láimh, bhain cupla casadh as agus rinn dhá chuid de. Chaith sé an dá leath ar an urlár ansin, agus dubhairt " Ní dheanfaidh sé sin maith"
Rinn an gabha an dara crudh ní ba láidre ná an chead cheann agus chaith ar an urlár é agus thoisigh a dheánamh ceann eile. Bheir Pádraic ar an dara crudh agus rinn dhá chuid de mar rinn sé leis an cheann eile agus "ní deanfaidh sin maith acht oiread" ar seisean. Rinn an gabha crudh eile ní ba(continues on next page)- Informant
- Eoghan Mac Giolla Easboic
- Relation
- Parent
- Gender
- Male