School: Gort an Choirce
- Location:
- Gort an Choirce, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Giolla Easboic
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort an Choirce
- XML Page 160
- XML “Cogadh na Talún”
- XML “Béaloideas na hÁite”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an suaimhneas , agus tá cúis na gaedhilge ag dul ar aghaidh go beo, bríoghmhar i gCloich Cheann fhaolaidh arís.
- Béal oideas na h-áiteSeo mar thainig an t-ainm Chloich-Cheann Fhaolaidh de réir seanchus na ndaoine- Ins an am fadó bhí taoiseach darbh'ainm Ceann Fhaolaidh 'na chomhnuidhe ins an cheanntar seo agus thainig Balor béimeann as Toraigh agus bhain an ceann de Cheann Fhaolaidh, ar cloich. Tá lorg na fola le feiceáil ins an chloich go dtí an lá indiu, agus tá an chloch i mBaile Uí Chonaill comhgharach dó'n Fhalcarrach, an áit a chur duine de na h-Olfartaigh suas í tá corradh le céad go leith bliadhain ó shóin.
Dó réir an sgéil sin mar fuair an áit seo an t-ainm, -Cloich-Cheann-Fhaolaidh .i. an chloch ar ár bhain Balor an ceann de Cheann Fhaolaidh.Deirtear gur guth aingil a threóruigh Colm- Cille i dtús báire go Toraigh. Ag obair dó sa Ghartan d'iarr aingeal Dé air imtheacht agus cúaird a thabhairt ar an Oileáin le na bheannughadh,. D'éirigh sé go toilteanach, tapaidh agus lá amháin(continues on next page)