School: Gort an Choirce
- Location:
- Gort an Choirce, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Giolla Easboic
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort an Choirce
- XML Page 107
- XML “Dán na hAoine”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Dá na h-Aoine'Sé seo an Aoine buadhartha, brónach,
'Seo an Aoine a siltear na deora,
Uisge do chinn, a Rí mór na ngrása.
Agus sroitthe fola le do mhailidheacha ró-gheal.Chuir siad culaith amadáin ar a haon Mhac Iosa,
Dulchaí ar a lámha agus púcóg ar a éadan,
Coróin ar a cheann de na deilg a ba ghéire,
Crann na croiche ar a ghualainn a's É réidh le na chéasadh.D'feuch Sé na dhiaidh gidh gur mhór chruaidh a ghéibheann,
A mháthair na gile agus a mhathair na glóire.
Deán fóighde mhór indiu a's amárach,
Agus béidhmid i gcuideachta go fóill thuas i bPárthas.
A mhic ó na gile agus a rí mór na ngrása,
nach dolaidh damhsa an fhóighid sin a deánamh,
Na sruthanna fola 'teacht anuas ar gach taoibh duit,
Ag cuimhniú ar an bhás atá le fághail agat Dia hAoine.Thug siad go Sliach Cealbhaire É a's bhain de chuid éadaigh,
Stróic siad an fheoil anuas ó na créachtha,
Thug siad deoch bhineagair do 's a Dhia ná'r bí deoch ghéar í.
Eadair dís de na bitheamhnaigh rinneadh é a chéasadh.- Informant
- Anna Bean Mhic Aoidh
- Gender
- Female
- Address
- Baile an Easa, Co. Donegal