School: Gort an Choirce
- Location:
- Gort an Choirce, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Giolla Easboic
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort an Choirce
- XML Page 89
- XML “Amhrán - An Ghiobóg”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Amhrán-an GhiobógBliadhain agus an taca seo,
Badh deas mo culaith éadaigh.
Badh luthmhar eadrom aigeantach,
A dheanfainn bean a bhréagadh,
Acht phós mise an ghiobóg,
Mar bhí cupla bó de spré aicí.
A's dfág sí ar an annás mé,
A's mo chroiceann geal gan léine.
(An bhean)
Ma bhí culaith dheas ort-sa,
Admhuighim náir leat féin í.
Ní raibh sí ar do chroiceann,
Go raibh fear an t-siopa 'g éileamh.
Dhíol tú mo chuid bó-sa,
Le cur in do chuid fiacha.
'S dá mbéadh oiread eile agam,
Ní dhéanfadh sé do réidhteacht.
(Anfear)
Ní fhacas léine gheal orm,
Ariamh le linn mo phósta
Ná mo bhróga dubh daithte
'Dul an Aifrinn damh Dia Domhnaighe
Nuair a tchím-se scaifte cailíní
Na seasamh ar an bhóthar
Go bhfóiridh Rí na bhfeart orm
'Sé mian mo chroidhe 'bheith leobhtha.(continues on next page)- Informant
- Bríghid Bean Uí Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Age
- 85
- Address
- Doire Chonaire, Co. Donegal