School: Ballylar (roll number 10444)
- Location:
- Baile Láir, Co. Donegal
- Teacher: Aodh A. Mac Congáile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ballylar
- XML Page 005
- XML “Scéal”
- XML “Scéal Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal
Bhí m'athair ag innse damhsa gur chuala sé na sean daoine ag cainnt ar phóta óir a bhí shíos i bpoll shuas ag teach an mhinistéir i mbaile ar b'ainm do Cruachán. Bhí fear ins an bhaile chéadna agus tiocfadh leis seasaimh ar an áit a rabh an tór foluighthe. Chuaidh triúr fear as íochtar Fhánad suas oidhche amháin agus chuaidh an fhear seo leobhtha gur thaisbean sé an áit dobhtha. Bhí sluasaid agus spáid lobhtha agus thóisigh siad ag bainnt an phoill. Ní rabh siad ag baint i bhfad go dtáinig scaifte mór preacháin ortha agus thóisigh na fir ortha leis na spádaí agus na sluaiste ach ní bhfuair siad an buaidh ortha. B'éigin dobhtha téicheadh agus chaith fear aca an spáid thar an chlaidhe agus léim seisean annsin agus gortuigheadh é agus ní rabh i bhfad na dhiaidh sin go bhfuair sé bás. - Sgéal Grinn
Bhí dhá shean-duine i na gcomhnaidhe ar an Bhaile Úr uair amháin. Páidí agus Caití an t-ainm a bhí ortha. Oidhche amháin thug Páidí isteach sopóg chochain go dtí an chisteanach. Thug sé car-shuain do Chaití agus d'iarr sé uirthi na sopaí a chasadh do. Dubhairt Caití go gcasadh agus thoisigh sí. Nuair a chuaidh sí síos go dtí an seomra bhí tuile dheor ann agus bhí an seomra leath-lán uisge.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Cheallachain
- Gender
- Female
- Address
- Baile Láir, Co. Donegal