School: Ballylar (roll number 10444)
- Location:
- Baile Láir, Co. Donegal
- Teacher: Aodh A. Mac Congáile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ballylar
- XML Page 143
- XML “An Maistreadh”
- XML “Maistreadh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bíonn fhios againn go bhfuil an bainne buailte nuair a thoisigheann giotaí beaga ime ag teacht aníos leis an loinidh. Sul a dtógtar an t-im as an bhainne ghnídhtear moll de leis an loinidh. Tógtar amach an t-im ar sgála. Cuirtear uisge ar an im annsin leis an bhainne a bhaint as. Baintear an t-uisge de annsin agus cuirtear salann air. Baintear ribeacha ar bith atá ann as le sgian. Ghnídhtear measgáin dé'n im annsin. Fá thuairm cúig phunnta ime a bhíos ar mhaistreadh.
- Tá an chuinneóg tuairm's trí troighthe ar airde agus tuairm's troigh go leith ar íochtar agus troigh i lár agus troigh go leith ar uachtar. Tá an chuinneóg déanta de adhmad darach. Tá cos na loineadh dhá troigh níos airde ná an chuinneóg agus tá poll ins an chlár agus théigheann an clár síos ar chois na loineadh síos go dtí lár na cuinneóíge. Cuirtear an bainne reamhar isteach ins an chuinneóig annsin agus buailtear an bainne reamhar anuas agus suas leis an loinidh. Leath uair nó mar sin an t-am is(continues on next page)
- Collector
- Mícheál Mac an t Saoir
- Gender
- Male
- Address
- Cúl an Doire, Co. Donegal