School: Ballylar (roll number 10444)
- Location:
- Baile Láir, Co. Donegal
- Teacher: Aodh A. Mac Congáile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ballylar
- XML Page 144
- XML “Maistreadh”
- XML “Maistreadh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)fuide a chaitheann na daoine ag maistreadh. An dóigh a aithnigheann na daoine caidé'n t-am a bíonn an bainne buailte nuair a chruinnigheann an t-im ar uachtar an bhainne.Tógtar an t-im amach as an chuinneóig le spáín deánta de adhmad agus ta puill ins an spáín a leigeas amach an bhláthach. Fágtar an bhláthach ins an chuinneóig agus bheireann na daoine an bhláthach do na muca agus corr uair ólann na daoine iad féín an bhláthach.
- Tá cuinneóg againn sa bhaile. Tá an chuinneóg trí troighthe ar airde agus troigh go leith ar leithéád ar an bhárr. Tá an chuinneóg níos leithne ar íochtar nó mar atá sí ag an bhárr. Is í mo mháthair a bhuaileann an bainne.Nuair a bhíonn an bainne reamhar cuirtear isteach ins an chuinneóig é. Cuirtear an loinidh isteach annsin agus cuirtear an clár ar an chuinneóig. Tógtar an loinidh suas agus síos leis an bhainne a bhuaileadh. Caitheann muid fá thuairim leath-uair nó(continues on next page)
- Collector
- Maighread Ní Dhubhghaill
- Gender
- Female
- Address
- Tuaim, Co. Donegal