School: Ballylar (roll number 10444)

Location:
Baile Láir, Co. Donegal
Teacher:
Aodh A. Mac Congáile
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1090, Page 032

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1090, Page 032

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ballylar
  2. XML Page 032
  3. XML “Longbhriseadh”
  4. XML “Áit a Raibh ar Thinidh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Briseadh bád ins an Dumhaigh Bhig uair amháin fá thuairim sé bliadhna agus trí fichid ó shoin darbh an Carsten. Rith sí i n-eadan carraige darbh ainm an Stucach Mór. Shuidh sé sa charraig ar feadh seachtmhaine nó mar sin. Bhí malach guail uirthi. Ní raibh i bhfad aca le teacht go dtí an tráigh agus mar sin de sábhaileadh iad uilig. Tháinig an chuid is mó de'n ghual go dtí an tráigh i nDumhaigh Bhig.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Roimhe seo ní raibh lampaí ar bith aca, ní raibh aca acht giotaí beaga d'adhmad. Oidhche amháin chuaidh gasúr agus a athair amach go dtí an sciobal agus bhí aibhleóg leobhtha leis na giotaí adhmaid a lasadh. Nuair a bhí siad ag teacht amach as an sciobal níor smaointigh siad ar an aibhleóg. Bhí daoine ag teacht ó airneál agus chonnaic siad an toit. Chuaidh siad isteach san teach agus dubhairt siad leis na daoine go raibh an sciobal ar theinidh. Thoisigh siad ag iomchar uisge agus chuir siad as an lasóg.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus É. Mac an t Saoir
    Gender
    Male
    Address
    Seanach, Co. Donegal