School: Ballylar (roll number 10444)

Location:
Baile Láir, Co. Donegal
Teacher:
Aodh A. Mac Congáile
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1090, Page 129

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1090, Page 129

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ballylar
  2. XML Page 129
  3. XML “Préataí”
  4. XML “Seanfhocail”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    cuirtear cuid aca isteach i bpoill ins an talamh agus cuirtear cuid eile aca isteach i sciobail.
    Is iomdha cineál de phreataí ann. Seo cuid de na h-ainmneacha "Kerr's PInks," "Epicures," "Champions," "Irish Whites," "Arran Queens" agus lán eile.
    Seo cuid de na rudaí a gcaithtear a dheánamh agus na rudaí a núsaidtear le preataí do chur - dipeál, scoilteán, mála dípeáil agus an chéad lán.
    Bá ghnátach leóbhtha "Starch" a dheanamh as preataí agus ghnídhtear brúitín díóbhtha agus annsin baintear an subh asta. Nuair a racuigheann an subh bheirtear "starch" air. Tá sé fá thuairim trí fichid bliadhain ó bá ghnáthach leó seo a dheánamh.
    Ba ghnátach leis na daoine arán a dheánamh as preataí. 'Sé an dóigh a ghnídhtear an t-arán na spíontar na preataí agus brúightear iad agus baintear an subh asta agus cuirtear plú fríd an bhruitín annsin agus fágtar i bpota ar an teinidh go mbíonn sé réidh.
    Tomás Mac an t-Saoir, Seanach
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.