School: Leithead
- Location:
- Lehid, Co. Kerry
- Teacher: Diarmuid Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Aon oidhche amháin, bhí fear ó Droumbolla (?) ag dul go dtí Neidín i gcóir dochtúir. Bhí sé ana deanach agus ní raibh aon cár aige, bhí sé ag siúbhal ann. Núair a bhí sé ag filleadh abhaile agus núair a bhí sé ag barra Coíll Doire Locha casadh bean air. Bean ó Árdghrún a beadh í agus bhíodh sí i gcómhnuighe amuig is d'oidhche leis na púcaí agus thagadh sí abhaile go lúath ar maidin, sar (?) a ndeirigheadh aoinne. Acht an oidhche sin seo núair bhúail an fear uithe, d'fíafhruid sí do cadh na thaobh go raibh sé amuigh cómh deanac, agus dúbhairt an fear leí ná raibh sí féín amuigh chómh deanach (?) leis. Annsan dúbhairt sí leis an fear bheith ag dul abhaile go tapig. Chúaid an fear abhaile.Annsan bhí eagla ar an bean go bhfeicfhadh na daoine í ag dul abhaile, agus fúair sí cómhacht éígin cun eitilt abhaile. Núair bhí sí ag eitilt fuair sí ceangalta i chrann le hais tig Thadhg Uí Laoghaire. Fúair (?) fúaireabhas (?) crochta ann ar maidin í agus dúbhairt na daoini gur bean Uí Murdhuca ó Árdgrhúm a beadh í.
Mo athair dinis an sgéul seo dom.- Collector
- Máighréad Ní Chathasaidhe
- Gender
- Female