School: Leithead

Location:
Lehid, Co. Kerry
Teacher:
Diarmuid Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0464, Page 061

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0464, Page 061

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leithead
  2. XML Page 061
  3. XML “Scéal i dtaobh Púcaí ag Cantain”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 3. Tímpeall ocht mblíadhainn o shoin, bhí sé go déanach san oidhche. Bhí síad go léir san leabhadh, núair do chúaladh mo úncaill cantainn bréagh san tig féir, atá inaice an tíghe. Déirig sé agus cúaidh sé amach go dtí an tig. Núair abhí sé inaice na háite 'na raibh an cainteann do stop sé. Do stad sé ag éisteacht ar feadh tamall ach ní raibh aon glór ann. Annsan do chúaidh sé go dtí an leabhadh airís. Bhí sé tímpeall úair san leabhadh núair do thosnuig an cantainn airís. Bhí mórán guthanna le chéile. An tarna úair do ghlaoidh sé ar daoine an tighe, agus do chúadhadar go dtí an tig féir mar cheapadar go raibh tínncéirí ann. Bhí solus acha agus d'fíachadar tímpeall an féir ach ní raibh duine ann. Do chúadhadar go léir go dtí an leabhadh agus núair abhí síad go léir in a gcodhladh, do chúala mo úncaill an cainteann céadhna ach níor éirig sé airís mar dúbhairt sé leis féin gurbh íadna púcaí abhí ann.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Maighréad Ní Ealuighthe
    Gender
    Female