School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)

Location:
Cahersiveen, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 177

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 177

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 177
  3. XML “An Tinneas Fiacaile”
  4. XML “Airgead an Chait”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ach is amhlaidh mar tá an sgeal, do sheasochainn ar mo cheann dá mba dóig liom go mbainfeadh sé an tinneas díom."
    Chuaidh Taidhg ar a ghlúnaibh i lár an úrlair. Do sheas an fear eile os a cionn. Dá mb'é an sagart a bheadh ann ba dhíthceall dó bheith leath chomh-cráibhtheach, ná chómh beannuighthe, ná chómh mór dáíríribh, mar dheadh, agus bhí Donnchadh. Thosnuigh an phaidir seo -
    "Tinneas fiaicle agus an diabhach ar intinn
    Agus nár fhágaidh an phian san an fiacail choidhche."
    Airiú, a mhuiricín! léim Tadhg as a chorp agus thug séap fé'n dtlú, ach ambasa bhí an cleasaidhe bailighthe leis, agus ba mhaith an bhail air go raibh. B'fhada 'na dhiaidh sin gur chuir sé a chos thar tairsing i dtig Thaidhg airís.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí cat ann fadó, agus ba bheo-bhocht dealbh an créatúir é. Ní raibh sa tsaol aige acht trí leath-pinginní, ach chuir sé crích mhaith ortha. Thug sé an chéad leath-phingne ar dhearmhad bean 'a tighe, sé sin, go bhrághfad bean a' tighe bainne fé n-a bhrághaid, an dara leath-phinginn ar radarc san oidhche, agus treas leath-phinghinn ar leabaidh, deas, chluthar i gcomhnuidhe.
    Nach maith ar chrích a chuir sé ortha, agus nách aige a bhí an chiall! Tá na nidhte sin aige riamh ó shoin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish