School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)

Location:
Cahersiveen, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 239

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 239

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 239
  3. XML “Bia”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Coimeadann an biadh beó an duine, fé mar a coimeadann an abha líonta an fairrge. Ní dócha go bhfuair aoinne bás fadó de bhárr spunóíge leitean mine buidhe d'ithe, go deimhin cuireadh gach spunóg de "tréimhse déanta a n-anam" leis an méid saoghail a bhí leagaithe amach ar dtúis dóíbh. Tá bearna mhór idir bídh an lae indiu agusbiadh leath chéad bliadhan ó shoin. Ac ar nós an sgéil do caith gach úghdhar léigheinn a cuid litreacha d'foghluim agus sé an sgéal cheádna ag an mbiadh é. B'íad adhbhair chothuighthe na ndaoine fadó ná prátaí iasg leite mine bhuidhe, leite mine coirce, steampaí agus bféidir cistí plúir ag foth dhuine. Ní raibh braon té le fághaíl i rith na bliadhna go dtí go mbéarfadh Oidhche Nodlagh air. Ba aindeis an módh a bhí ag na mná cun té agus cistí plúir do dhéanamh fadó. Is fuirisde cainnt a dhéanamh ach cuimhnigh (?) ná raibh citeal ná corcán té ag aoinne. Is amhlaidh a cómhairidís an méid tigte go mbíodh "lucht na bpiopán" fé'n a ndíon. Nuair a bhíódh bean a' tíghe cun té a dhéanamh cuireadh sí corcán d'uisge glan ar an dteine agus nuair a bhíodh sé beirighthe tógadh sí suas agus leigeadh sí in aice na teine é. Caitheadh sí cuid mhaith té isteach ann agus caitheadh sí spunóg salainn isteach ann leis le h-eagla an deataigh leigeadh in aice na teine é ar feadh ceathramhadh uaire a chluig nó mar sin agus cuireadh sí dá phúnt súicre agus cuid maith bainne isetach ann. Corruigheadh sí le spunóíg é agus bheadh sé ina thé annsan. Ní fheádfhadh muinntir an tighe é go léir d'ól in aon' oihdche amháin, agus d'fhanadh an fuighleach i leath taoibh go maidin ina dhiaidh sin. Maidir leis an arán, bhíodh de bhlas agus a bhí de dheantús chuige. Ar an mbórd a dheinidís na cístí, mar ní bhíodh aon losaid aca
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish