School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)

Location:
Cahersiveen, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 224

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 224

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 224
  3. XML “Luibheanna agus Leigheasanna”
  4. XML “An Bás”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    sean-daoine, a mhalairt d'eolas ag na daoine a tháinigh 'n-a ndiaidh, agus teacht na ndoctúirí, a bhain "an díon as tig na leigheasanna."
    Tá an-leigheas i n-anáil an ghanndail chun galar súl do leigheas. B'amhlaidh a chuirtí an ganndal fé bhun súl an duine máchailleach, agus théigheadh anál an ghanndail isteach fé shúilibh an duine. Deintear an cleas seo ar feadh trí maidne.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Abha gan droichead iseadh an bás, nó chun mo theanga d’ath-chliabhánú, abha iseadh é ná féadfadh aoinne dul treasna gan a broga a bhaint de. Sé sin, ní fhéadfadh duine ar bith an taobh eile den mbilleóige do shroisint gan gábhailt tré trioblóidí an bháis. Mar sin “abha chraosaig an chine daonna a shnígheann go fairrge na síoraidheachta” iseadh an bás, nó d’féadfaimís a rádh gur “gaduidhe an anama agus gur sgriosadóir an chuirp é.”
    Ar nós gach aon nídh eile ní thagadh an bás i ngan fhios do na daoine fadó. ‘Siad fir fógartha nó cómharthaí an bháis ná:- Má bhíonn an bás ana-ghairid don fhear bíonn míogarnach codalta air. “Deire fir an suan, agus an bhean ag faire suas” Bíonn easba codlata ar an mnaoi sar a ghlaodhann an bás uirthi. Má bhíonn na preáchaín ana-thughtha do bheith tímcheall an tighe, bíonn éileamh ag an mbás ar dhuine nó ainmhidhe a bhaineann leis an dtig sin. Acht má thagann na préacháin anuas ar an dtig, gheobhaidh duine de’n lín-tighe bás Má bíonn an coileach ag glaoidh i lár na h-oidhche, nó mar sin,
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. rites of passage (~573)
          1. death (~1,076)
    Language
    Irish