School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)

Location:
Cahersiveen, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 282

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 282

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 282
  3. XML (no title)
  4. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Deireann na sean daoine nach féidir leis na púcaí aon nidh do dhéanamh gan duine beó do bheith ina dteannta.

    (continued from previous page)
    bhóthair a bhí an páírc agus ba ghearr go bhfeacadar sluagh mór daoine, agus capaill agus caraístí fútha go léir. Bhí faid míle de'n bhóthair tógtha suas aca, agus i ndeire an tsluaigh ar fad is amhlaidh a bhí fear gan capall gan caraíste fé, agus é ag gol go dólásach. Bhí go maith, agus ar mhaidin lae ar na mhaíreach, bhí capall comharsan marbh ar an bpáirc. Ag gol in dhiaidh an chapaill úd a bhí an fear san, dar le na sean daoine. Sgéal eile d'en tsaghas san iseadh é seo:- Bhí bean ann uair, agus do cailleadh leanbh trí bliadhna uirthe. Oidhche lae an tsochraidh, do bhí sí sa leabaidh agus dubhairt an guth ar cheann an tseómra léí, "muna bhfágfaidh tú an áit sin, beidh tú chómh marbh leis an leanbh.
    D'fhág sí é ar maidin agus chuaidh sí ag triall ar a h-athair. Cúpla lá in a dhiaidh sin is amhlaidh a bhí an capall a bhí ag a fear marbh ar an bpáirc tar-éis na h-oihdche. Dubhrathas gur sgiob na púcaí leó an capall, nuair ná raibh an bhean le fághail, agus gur duine léi féin a chómhairligh í an áit sin d'fhágaint, an oidhche sin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (no title)

    In aimsir an droch shaoghail, dheineadh na mná tighe gruth chun an líntighe do bheathú.

    In aimsir an droch saogail, deinead na mná tige gruth cun an líntige do beathú. Deinthear nuair a connaith duine eígin an meadg, dubairth sé " ní tharth athá orainn acth ocras." Ba minic a d' eírigead máthair leanb san oidce, agus lasad sí sgolb, féacainth an raib an th-anam ins na leanbaí.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. products
      1. food products (~3,601)
    Language
    Irish