School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)

Location:
Cahersiveen, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 288

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 288

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 288
  3. XML “Seancheirdeanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá leaghadh an "Mhuin Mheóír" agus "Ceirtlíní Níghe" déanta des na sean-ceardanna anois. Fadó bhíodh gach bean-tíghe deas i gceart i ndéanamh an éadaigh. Mar seo a chuiridís chun oibre chun na stochaí do dhéanamh. Ar dtúis thugaidís leo íle ó'n gcathair agus smearaidís an olann léí. Ansan dheinidís í do cárdáíl agus ó rud é gur snáth dúbalta a bhíodh ag teastáil chun stócaí, a mhalairt de snáth i gcóir déanamh an éadaighe, castaí gach ath-snáth ar a chéíle. Sníomhtaí ansan é agus castaí leis an dtromán é. Cniotaltaí ansan é. Maidir leis an snáth a bíodh ceapuighthe do dhéanamh an éadaigh ní dheintí é do chasad. Mar seo a curtí cun a leithéid sin d'oibre. Ar dtúis cuirtí cúig nó sé cipíní ar an bhfalla agus cuirtí treis, sé sin cipín eile é bheith troigh nó mar sin amach ó'n gcéad gcipín agus ó'n gcipín deiridh ar an bhfalla. B'é an gnó a baintí as an dtreis ná go ndeintí an snáth do crosad air. Nuair a bhíodh an méid sin déanta aca. Deintí méíd áirighthe banndlaithe do cómhaireamh, an méid a ceapadh an bhean a tabarfad na ceirtlíní leo. Dá bhárr sin tá an sean-rádh so againn. "Pé nídh a thabharfaidh na ceirlíní céada dom." Nuair a bh íodh an méid sin agus an snáth ar an bhfalla, cómhairightí é ansan, méid áirighthe lamhanaca, cúig lamhanacha fichead a bhíodh sa chéad de gnáth agus cúig céad sa pláinnín. An ceard dob eadh déanamh na gciseán leis, ach tá sé ag dul as feidhm mar aon le gach nídh eile. Níl ach foth-dhuine fé'n dtuaith ag dhéanamh ciseán anois, daoine go mbíonn siad ag teastáilt uatha leis an mhóin do tharrach. Seo mar a cuirtí chun oibre. Tugtí isteach sgraith mhór leathan agus iompuigtear an taobh dearg anuas. Bionn na tuigeanna tobhtha cheana féín ag an té a bíonn a dhéanamh. Cuirtí na tuigeanna is láidre agus is sia 'na seasamh in a bpéírí ar fuid imeall na scraith. Bíonn an scraith gearrtha i
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
    Language
    Irish