School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)
- Location:
- Cahersiveen, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. M. de Lourdes Stac
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
- XML Page 273
- XML (no title)
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí triúr buachaillí ag teacht ó Chathair Saidhbhín uair.”
Bhí triúr buachaillí ag teacht ó Chathair Saidhbhín uair. ba mhór le ceann aca faid an bhóthair, agus do ghaibh sé an cómhgar abhaile. buachaill ó pharóiste na Dromaide ab 'eadh é. Ar a slighe don bheirt eile abhaile, do bhraitheadar glór éigin ag gabháil thórsa, ar nós cómhach gaoithe. Bhí an buachaill eile ag druideamhaint in aice an tighe, nuair a tháinig an bhean suas leis. Sprid ab 'eadh é, agus deirtear gurb í sin a ghaibh thar na buachaillí eile nuair a bhraitheadar an glór. D'fháisg sí ar an mbuachaill agus bhí an tarna leag bainte aice as. Nuair a tháinig triúr fear ó-n saghal eile chun cabhartha leis. do chuireadar fán ar an sprid, agus dubhradar leis go rabhadar ag Póna na gCór i bparóiste na faille móire. Nuair a bhain sí an chéad leag as. Níor misde dhuit, arsa ceanna aca " ná rabhasa chómh bacach, agus a bhíos-sa ar an saoghal so."(no title)
“Bhí bean in aice an Chorráin fadó agus do fuadaigheadh í.”
Bhí bean in aice an Chorráin fadó agus do fuadaigheadh í. Bhí sí ag teacht ó thigh comharsan oidche, agus chuidh sí síos agus thuit a codhladh uirthe. Nuair dúisigh sí is amhlaidh a fuair sí i féin i móinfhéar go raibh cocaí beaga féir ann, i gCo. Luimnighe. Tháinig máighistir an fhéir, agus d'fiafhruigh sé dí cad as í. Ní raibh sí ábalta ar tuairisg a muinntire ná a baile do thabhairt. Do thóg sé in aimsir í, agus d'fhan sí aige ar feadh(continues on next page)