School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)

Location:
Cahersiveen, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 278

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 278

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 278
  3. XML (no title)
  4. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Fadó ní bhíodh aon clog ag na gnáth-dhaoine agus bhíodar dall ar chúrsaí an ama, ach ba mhaith an sás cluig é an caileach chun a innsint dóibh go raibh an lá ag teacht.

    Fadó ní bhíodh aon clog ag na gnáth-dhaoine agus bhíodar dall ar chúrsaí an ama, acht ba mhaith an sás cluig é an coileach chun a innsint dóibh go raibh an lá ag teacht. Bhíódh eagla ar na daoine gábhailt amach go dtí go nglaoidhfeadh an coileach. Chuaidh bean amach uair cun dul go dtí an cathair, agus ní raibh fios aici cad é an uair de'n oidhche é. Ní raibh aon coileach aici agus ceap go mbeadh an lá cúichi ar aon neómat. Níorbh fhada ó'n dtig í nuair a chuala sí an fothram, go léir taobh thiar di ar an mbóthar. Cheap sí gur trucaill é agus dhruid sí i leath taoibh cun go ngeobhfadh sé thairis ach ní chuaidh. B'é an nígh a tháinig as an bhfotram ná bualadh agus glór na gclog. Bhí an glór taobh thiar di i gcómhnaidhe agus chuir gach bualadh a tháínig ós na gcluig, fás bliadhna ar an eagla a bhí uirthi. Do rith sí acht níorbh aon mhaith é. Do cuaidh sí isteach go tig bó chómharsan, acht níor fhan sí ró-fhada istig ann. Gluais sí ar aghaidh agus bhí an glór i leath-taoibh fé'n am so. Ach má bhí, bhí geata eile roimpe. Connaic sí an cómhrann agus é 'á iomchar ag ceathrar fear. Níorbh bheannaigh ná níór labhair na fir léi. Srois sí an cathair, annsan gan aon sgannradh eile d'fhághailt. Bhí sí i bhfad istig san chathair sar a bhreach an lá.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. weather-lore (~6,442)
    2. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    3. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. residential buildings (~2,723)
    Language
    Irish
  2. (no title)

    Tá cúig bliadhna is trí ficid imthighthe ó bhí bliain an tsúig ann.

    Tá cúig bliadhna is trí ficid imthigthe, ó bhí bliain an tsuíg ann. Bliadhan an-fhliuc do beadh é agus ní raibh i gcumas na ndaoine a gcuid do shabháil in aon chur. Dheineadar a gcuid do chnúcairt ach san a bhí ann. Bhí cruach de'n tsean -mhóin ag cuid des na daoine acht thugadar san leo isteach an mhóin sin agus cuireadar in áirde ar na lochtaí é ar eagla go ngoidfeadh aoinne é. Ba mhór an truagh iad na daoine ná raibh aon mhóin de'n t saghas sin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.