School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)

Location:
Cahersiveen, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 187

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 187

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 187
  3. XML “Sliabh Each”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sliabh Each - is ionainn é sin agus talamh clochach.
    Fadó do roinneadh an talamh i gcodanna beaga agus gach aoinne go mbeadh capall aige gheobhadh sé a chuid chun é do chothú. Ar an áit sin bhí monarcha móna in allóid. Gheibhtí an mhóin ó'n bportach agus ins an mionarchain do cuirtí cuma bríce ar gach fód agus bhí na tomhaiseanna so ar gach bríc - trí fé trí fé naoi órlaí cúibacha.
    Ar gach fód bhí "Sliabh Each Peat Work" sgríte. D'onnmhuirightear a lán de go Sasana. Bhí tuistiún le fághail gach lá as an obair. Bhí an déantús so ar siubhal ar feadh bliana.
    Sa deire cheap fear feadhna éigin go raibh dream áirighthe daoine ag éirighe ró-shaidhbir ins an deántús so is sé rud a dhein sé ná an monarcha do dóghadh. Theastuigh uaidh freisin go bhfaghadh sé obair á dtógáil airís. Bhí sé leagaithe anois go dtí an talamh le seachtmhadh bliadhna. Deireann seanchaidhthe gurb amhlaidh a leag an sluagh sidhe é mar gur tógadh na clocha ó "Lios". Tá sé tógtha suas airís le cloch aoil, clocha agus moirtéir. Fuaireadar na clocha o'n ndúthaigh mór timcheall agus an slinn ó Oileán Dairbhre. Tá cuma driannuilleoíge ar a bhun agus tagann sé go poinnte ar a bhárr.
    Tá falla árd mór thimhcheall air. Inaice na mionarchan tá fothrach sean thighe. Deirtear go raibh gabha ina comhnuidhe annsan fadó. Bhí an cheárdchan láimh leis mar dá mbrisfí an t-ineall bheadh an gabha
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish
    Location
    Cahersiveen, Co. Kerry
    Collector
    Tomás Ó Conchubhar
    Gender
    Male
    Address
    Kimego East, Co. Kerry