School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)
- Location:
- Cahersiveen, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. M. de Lourdes Stac
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
- XML Page 184
- XML “Dún Aon Fhir”
- XML “Faill Dearg”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)aon mhaitheas aiste go dtí lá a bhaís. Duine de'n t-sluagh síde a b'eadh an bhó san.
Sgéal eile ag baint le Dún Aon-Fhir tímcheall dachadh bliadhna ó shoin do bhí long ag teacht go Cuas Crom ach "Is minic a bháthadh long lámh le cuan" agus is é sin a thárla um an dtacha san. Tíghearna Ó'Néill a b'ainm do'n long san, agus bhí plúr ar bórd na luinge. Um an dtacha san in Éirinn bhí an plúr an-daor agus cad do thárla ach do tháinig an plúr isteach ar snámh san uisge. Do fuair na daoine é agus an-fhaoiseamh do b'eadh é mar muna mbeadh go bfuaireadar ar an gcuma san é do bheadh ortha dhá phúnt an leath sach do dhíol as. Sín é mo sgéal-sa is má ta breag ann bíodh. (Seancaidhe)Bean Uí Ghóilín,
Lomhlac,
Cuas Crom - Tá Faill Dearg suidhthe ar thaobh na láimhe clé de Dhún Aon Fhir. Tá sé ceithre céad troighthe ar aoirde. Ní féadfá gan dath cré na faille san do thabhairt fé ndeara. Tá dath dearg air agus sé sin an chúis go dtugtar Faíll Dearg air. Dúbhairt an seanachaidhe liom go raibh mianach copair le fagháil ann fadó.
(Seanacaidhe) (Bean Uí Ghóilín) airís- Informant
- Bean Uí Ghóilín
- Gender
- Female
- Address
- Emlagh, Co. Kerry