School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)

Location:
Cahersiveen, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 227

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 227

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 227
  3. XML “Tórraimh agus Sochraidí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nuair a bíonn an anam glanta cun siubhail, deintear an corp do níghe agus do glanadh, agus do leagadh amach i gcóir an tóirrimh. Tá sé de nós ag na daoine agaidh an cuirp d'iompódh soir. Ag an dtórramh guidhtear ar an nduine marbh agus deintear cómh bhrón le lucht an uaignis. Ag an socraid, deintear an duine marbh do tionnlacan go "dorus a sheómra codlata". Bíodh tobac agus snaois go fluirseach ag gach tórramh fadó. Deirtear gurb'é an fáth a bhí le sin ná:-
    Bhí buacaill ann uair, agus bhí an-dúil san dtobac aige. Oidhche áirighthe, do bhí a phíp folamh agus ní raibh aon nídh aige a líonfadh í. Bhíodh bean 'a fheiscint ag droicead éigin san cómharsanacht agus a béal 'na shimné aici gach tráthnóna tar-éis luighe na greíne. Dubhairt an bhuacaill go ragadh sé fé'n a deín pé olc nó maith a thiocfadh as a thuras. Nuair do srois sé an droicead do shín an bean a píp cuige agus d'ól sé a dhoíthín de. Do shín sé an píp cuige chuichi, 'á rádh beannacht Dé led' anam agus le h-anamaibh na na marbh go léir. "Is fada dómh-sa annso ag faire leis an guidhe seo d'fagháil, agus ná bíodh aon tórraimh feasta gan tobac ar sise.
    Fadó riamh prátaí agus iasg a bhíodh le fághaíl ag na tórrraimh. Ach má bhí an biadh go h-aindeis agus go gann b'féidir, bhí an tobac agus an t-ól go fluírseach.Biotáile is mó a bhíodh le fagháil mar ba suarach an t-airgead a bhí ar san am úd. Deireann na sean-daoine nách cheart do dhuine dul go tig tórraimh in a aonair, san oidhche. Tá sgéal idtaobh duine a chuaidh go tig tórraimh i bparoísde na Faille Móire.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. rites of passage (~573)
          1. death (~1,076)
    Folktales index
    AT0810: The Snares of the Evil One
    Language
    Irish