School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)

Location:
Cahersiveen, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 216

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 216

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 216
  3. XML “Luibheanna agus Leigheasanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ba mhó sórt luibh ann, agus atá fós leis gan dabht agus a cuid gnótha féín ag gach luibh aca. 'Siad na saghas luibheanna is tabhachtaighe atá ann ná luibh an phortaigh, leoch bhuidhe, crotal, amharlach brollach, bhíosach, camán mall, caisreabhán caol dearg, slánus, agus luibh an teampaill.
    Maidir le luibh an phortaigh, tá de mhaitheas ann agus tá de dheallramh air. Dhuilleóg beag dearg a fhásann ar thalamh phortaigh iseadh é. Tá sé ceapaithe do gach sagas aicíde ach ní bhíonn aon lámh ag aoinne ann mar deirtear dá mbaineadh duine é ná bainfeadh sé airís é. Ba ghnáthach mar sin le daoine rud nó ainmhidhe do chur 'á tharrac. Tá sé ráidte gur chuir fear éigin madra 'á tharrac. Is amhlaidh a cheangail sé córda dhe, agus an ceann eile de'n chórda a cheangail de chois an mhadra. Annsan nuair do chorruigh an madra, tháinig an luibh aníos ó'n dtalamh agus do buaileadh caoch an madra ar an noimeat céadna. Do chuir duine éigin cearc 'á tharrac ar an gcuma céadna agus do caochadh í. Do tharraing fear éigin gur chuma leis bás nó beatha é seo mar luibh timcheall dachad bliadhain ó shoin. Bhí a bhricfeast ithte aige nuair chuaidh se fé na dhéin agus ba shuarach é a chuid de bhídh na maidne. Nuair a bhí sé tarraingthe aige do dhein sé an nós do chómhlíonadh le leath-phinigin do chur ina áit. Bhí go maith agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Language
    Irish