School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)

Location:
Cahersiveen, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 294

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 294

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 294
  3. XML “Reilig”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ní dócha go bhfuil aon áit ná aon rud eile go bhfuil an méid sin urram agus measa air agus ata ar an reilig. Ní h-ionghnadh san mar is ann atá curtha na daoine is gile agus is annsa linn. Is i gCómhadh atá roiligh mhuinntir Cathair Dhómhnaill, tá reilig eile i nDairFhionáin - Áthmhór a tugtar air. Tá fotharaigh na mainistreach a bhí ag Naomh Fhionán le fheiscint san reiligh i nDair Fhionáin. Is istig ins na fotharaigh sin atá Máire Ní Dhuibh curtha. Tá tuambaí ag morán de mhuinntir an pharóisde istig ansan leis. Táid san go léir lán anois is tá uaigeanna eile faighte aca ins na reiligh taobh amuigh. A deirtear gur ins an reilig seo ba ceart do gach aoinne de mhuinntir Chonaill a bheith curtha.
    Innstear sgéal mar gheall ar dhuine de'n clainn sin - na Seárthaí mar glaodhtar ortha a bhí in a gcómhnaidhe i bparóiste na Dromoide. Nuair a fuair sé bás cuireadh i reiligh na Dromoide é in aimhdeoín an tsean-fhocal "athrú reilige atrú cine" Deirtear pé fíor bréagach an sgeal go dtáinig a mhuinntir a bhí curtha i nDair Fhionán oidhche na socraide is gur rugadar leo an cómhrá thar nais tre Mullach Lice go Clochbhuaile mar a raibh cómhnaidhe ar an bfear. Do thugadar isteach in a bhaile féin é agus do suideadar tamall. Annsan d'árduigheadar leo an chorp atuair is níor stadadar gur bhaineadar amach Dair Fhionáin. Cuireadar an chorp san cré ar dhual dhó agus is dócha go ndeachaidh na mairbh chun suaimhnis airís. Ach deir a thuille nár thangadar - sluagh na marbh ag d'iarraidh an cuirp agus gurb sin an fáth gur cailleadh cúpla duine eile dá clainn sin roimh deire na mbliana. Is amlaidh a deirid san go raibh uaigneas ar an gceád duine is go ndeacaidh na caírde chun fóirithint air. Tá reiligh eile in Oilean an Teampaill i Loch Choirreaín. Bhí mainistreach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
          1. graveyards (~2,501)
    Language
    Irish