School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)

Location:
Cahersiveen, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 243

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 243

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 243
  3. XML “Paidreacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. "Paidreacha na maidne ní bhím-se i bhfad leó.
    Paidreaca na h-oidhche ní bhacaim leó go deó."
    Bín é an chainnt a chaith buachaill oibre le duine a chuir ceist air mar gheall ar a chreideamh. Bhí muinntir na h-Éireann an thugtha do phaidreacha, mar ní chuiridís cos thar an gcois eile gan paidir beag éígin do rádh. "Mo grádh do Dhia." Ní dócha go raibh an oiread is leithead bioráin eatortha féín is Dia, agus má bhí na fiacha ar a n-amanaibh níórbh fhada an mhoill ortha iad do dhíol. B'é an sgannradh ba mhó a bhí ortha ná go bhfaghaidís bás obann sar a bheadh leabhar fiach a n-anam glanta. Nuair a bhíódh a bpaidreacha ráidhte aca seo é an paidir a deiridís,
    "Ag iarraidh ceithre cabartha ort atáím a Shlánuightheóír, an domhain, cabhair congantach, cabhair thrócaireach cabhair glormhar, cabhair Chríóst. Cabhair ár leasa a thabhairt dár n-amannaibh, go d-teighimíd go h-árus na glóire gan an droch-bhás, gearra bhás, ná bás obann, ná bás in aon pheaca de na seacht bpeacaí marbhthacha; acht deagh-bháis, deagh-lár, agus ola coisreacthan ós cionn ár gcinn; agus síol beannuighthe an Tighearna ar ár n-amannaibh ag fágaint an tsaoghail seo, ó lámh pearsan na h-Eaglaise, agus bás naomhtha i lár an lae ghil."
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. prayers (~3,266)
    Language
    Irish