School: An Cuimín (roll number 6162)
- Location:
- An Coimín, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Aoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Cuimín
- XML Page 021
- XML “Seanchas Áitiúil”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Baile Ciarrigan. Bhí fear dar'bh ainm Manus Mac Ciarrigan na comhnuidhe ar an bhaile seo agus ainmnughadh an baile in a dhiaidh.
Baile na gCreach. Bhí fear in a chomhnuidhe ar an baile seo agus lá amháin thainig gasúr thart agus d'fhan sé i dtoighe an fhir seo. Bhí sé i gcomhnuidhe ag déanamh uirlis cogaidh agus lá amháin bhí an fear as baile agus thainig daoine agus thug siad leobhtha an t-eallach. Nuair a thainig an fear abhaile ní rabh sé sásta leis an ghasúr cionnus gur leig sé an t-eallach ar shiubhal. Dubhairt sé leis go rabh sé annsin le bliadhain agus fiche ag déanamh uirlis cogaidh agus leig tú ar siubhal mo cuid-sa eallaigh indiu. D'iarr an gasúr ar an fhear beartin acu sin a tabhairt leis agus tosuigh an sgaoleadh agus theich an namhad agus thug an fear abaile an t-eallach.
Aifreannaigh. In am na Dlighte Pianaideacht bhí na sagairt ar a seachnú. Léigh cuid acu Aifrinn ar an bhaile seo mar tá an Aifreannaigh.
Srath na Bratóg. Thainig na saighdiuirí isteach ó Litir Ceanainn go dtí an baile seo ins an tsean am agus troideadh cath ann. Nuair a bhí an cath thart bhí an baile uilig cumdaigh le bratóg.
Srath Gallaidh. Throid na gaedheal agus na gall cath ar an bhaile seo agus bhuaidh na gall.
Alt na Peiste. Bhí peist mhór in na comhnuidhe ins an alt seo agus tugadh Alt na Peiste air.- Collector
- Anna Ní Bhaoghaill
- Gender
- Female