School: An Cuimín (roll number 6162)
- Location:
- An Coimín, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Aoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Cuimín
- XML Page 063
- XML “Galair agus Leigheasanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (i) León:- Tá an léigheas seo ag daoine atá an t-athair agus an mháthair de'n t-sloinneadh amháin. Téigh daoine chuca fá choinne ortha an leónta, sin focla nó urnuighte a bhíos aca. Nuair atá na focla ráidhte aca ceanglann siad córda ar an áit atá leónta. Tá sé d'fhiachaibh ar na daoinibh a géibh an léigheas an córda a fhágailt go dtuitfidh sé fhéin de.
(2) An Triuch:- Cé bith a bhíonns an triuch ortha, tugtar giota aráin coirce do'n asal agus na grabhrógaí a thuitfeadh o'n asal tugtar iad do'n pháiste atá an triuch air agus deirtear gur seo an léigheas.
(3) Fáirthní:- An té a bhfuil fáirthní ortha, nuair a tcídh siad tórramh ag teacht deirtear gur cóir dóibh grainín créafóige a thógailt agus é a cuimilt ar na fáirthní agus indhiaidh seo go bhfuigheadh siad biseach.
(4) Leicnibh:- Cuirtear adhastar ar an duine agus tugtar síos go srúthain nú an abhainn é, agus trí braon uisge a ól ar féadh trí lá, agus ar an triomhadh lá go mbéadh biseach ar an duine. Tá an léigheas seo ag daoine a bhfuil an t-athair agus an mháthair de'n t-sloinneadh amháin.
(5) Déideadh:- (a) Dá nglacadh duine trí lán béil ribeacha as an cros atá ar dhruim an asail, deirtear gur léigheas seo fá choinne an déididh.
(b) Fosta dá racadh duine síos go dtí uaigh agus í a fhosgailt agus cloigeann duine a thabhairt aníos as an uaigh, agus fiacla an duine sin a tarraingt amach le do chuid fiacla fhéin, deirtear dá ndéanadh duine seo nach mbéadh déideadh air go bráth arais.(continues on next page)- Collector
- Anna Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Informant
- Proinnseas Ó Gallchobhair
- Relation
- Parent
- Gender
- Male