School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 208
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Chuaidh an mac óg indiaidh an ghirrfiadhe an 3adh lá, agus thuit an oidhche air fá mar a thárla do'n mbeirt eile. Chas sé thar n-ais. Bhí an seanntán roimhe--chuaidh isteach. Lorg an lóisdín ar an seanmhnaoi.
Fuair a shuipéar. Indiaidh an tsuipéir thárla an chainnt chéadna. "Ceangail na gadhair" ar sise. Ceangail le ribe dem' ghruaig iad. Phrioc míol thiar i gcúl a chinn é agus chaith sé an míol agus an ribe isteach sa teine.
"Fuil nó cómhrac anois" ar sise. "Níl fuil ná cómhrac agam duit" ar seisean. Thug sí fá chun é mharbhú. "Cabhair a chú" ar seisean. "Coinnibh a ribe" ar sise. Coimeádfaidh mise ins an teine arsan ribe. Tháinig an cú agus an madaralla agus stracadar óna chéile í. "Ná mairbh in aon chor mé" ar sise, agus tabharfad do bheirt driothár duit, na capaill agus na gadhair. "Tá slaitín draoidheachta os cionn an dorais sin thíos agus buail ar na clocha bána ansan amuich --eireochaidh do bheirt driothár agus na capaill agus na madraí. Bhí an bheirt driothár, na madraí agus na capaill ansan aige. Mhairbh sé ansan í. Thángadar abhaile go dtí an Riogh. Bhi seisean anáirde staighre ag feachaint amach trén bhfhuinneóig ag gol.
Nuair a chonnaic sé ag teacht iad d'oscail a bhéal chomh mor go bhfhéadfá a chroidhe d'fheiscint.- Informant
- Seán Ó Gribhthín
- Gender
- Male
- Address
- An Fhothrach Mhór, Co. Kerry