School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 209
- XML “Scéal - Ceol na nDaoine Maithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Scéal: Ceól na nDaoine Maithe.
Bhí triúr ban ag teacht abhaile ón Daingean fadó tráthnóna breagh samhraidh agus an ghrian ag dul fá. 'Sé an áit gur ghabhadar na treasna na Trágha Bige (i bparóisde Liospóil) agus ansan tré's na páirceannaibh. Agus iad ag gábháil thar lios chualadar an ceól ba bhinne dá'r chualadar riamh. D'fhanadar tamall ag éisteacht leis ach ní fhéadfaidís aoinne d'fheiscint. Dubhradar le na chéile gur bh'fhéidir leo aithris a dhéanamh anois ar an gceólagus do thriailleadar é. Chuir duine acu a méar 'na béal ag déanamh aithris ar an gceól, do sheinn an tarna bhean port feadghaile, agus do dhein an triomhadh bean babhta rinnce.
Taréis uair a chluig do chaitheamh ansan do chuireadar díobh abhaile ag ceapadh go raibh ana ghaisce déanta acu. Nuair a shroiseadar an baile thosnuigheadad ar an scéal d'innsint ach dubhairt na daoine aosta leo nár chlois aoinne riamh an ceól sin ach duine a gheobhadh máchail as, go mór mhór aoinne a dhéanfadh aithris air. Dubhairt na mná na fuaireadar féin aon mháchail as, ach mo threighid, maidion lá'r na bháireach nuair eirigheadar bhí máchail ar gach duine de'n triúr.
Bhí méar athtuighthe ag an mnaoi a chuir a méar 'na béal ag déanamh aithris ar an gceól. Béal ionntuighthe ag(continues on next page)- Informant
- Máire Bean Nic Ghearailt
- Gender
- Female
- Age
- 56