School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 219
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear saidhbhir ann uair. Siopadóir ab'eadh é agus chomh maith le minagus plúr a bheith á ndíol aige bhíodh árthaighe ag teacht chuige na h-aon lá. d'eirigh stoirm agus ní fhéadfadh aon cheann acu teacht isteach. Chualaidh sé gur tháinig árthach isteachi gCorcaigh agus d'imthigh sé le capall iallait féachaint ar bhain an t-árthach leis. Níorbh leis é in aon chor.Chuir sé dho abhaile airís oidhche fhuar earraigh. Bhí an oidhche chómh h-olc le sneachta agus stoirm gur chuaidh sé amugha. Bhí sé díreach t'réis coill do chur de nuair chonnaic sé tig roimhe sa tslighe agus solus ann. Chuaidh sé isteach. Bhí biadh leagaighthe amach ar an mbórd. D'ith sé an biadh gan aoinne d'fheiscint. Nuair a bhí ithte aige tháinig fear chuige a chuir scannradh agus uathbhás air mar ceann muice a bhí air. "Tá mo chuid bídh ithte agat," ar seisean. Thug sé lóisdín oidhche dho ansan agus thug a bhricfeast ar maidin do. Nuair a bhí sé ithte aige dubhairt an fear a'tighe leis "muna dtabharfaidh tú t'inghean chríonna anso chugham a leithéid so do lá bainfead an ceann díot. Tá do chapaillín caillte anois leis an bhfuacht ach tá capaillín anso agam agus beir leat í mar b'fhéidir nách bhfuil aon nídh aged' leanbhaí sa bhaile. Tabhair leat paca atá anso. Thug isteach i seómra é agus líon an paca d'ór. D'imthig(continues on next page)
- Informant
- Seán Ó Gribhthín
- Gender
- Male
- Address
- An Fhothrach Mhór, Co. Kerry