School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 220
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)leis abhaile go dtí na bhean leis an mála. Bhí fhios ag a mhnaoi go raibh rud éigin ag cur buadhairt ar a chroidhe agus thug sé a rún di.Thug sé a inghean agus an capaillín thar n-ais. Nuair a chonnaic an t-inghean é tháinig scannradh uirthe roimis. Tháinig an t-athair abhaile agus d'fhág an t-inghean 'na dhiaidh. Taréis coigthíos do chaitheamh ann d'iarr sí cead ar an bhfear dul abhaile go dtí tig a hathar agus do thug. Tháinig sí abhaile agus bhí taidhreamh aici oidhche go raibh rud éigin ar fhear an seanntáin.
Chuir sí dhi ansan chuige thar n-ais agus nuair a shrois sí an tig is amhlaidh a bhí sé sínte ar lár an urláir agus é ag gearán go mór. Dheara a dhuine bhoicht, cad tá ort, ar sise. Táim ag fághail bháis, ars é sin, an bpósfá mé? Pósfad, ar sise. Phreab sé 'na shuidhe - an fear ba bhreagtha dár chonnaic súile duine ariamh. Dá ndéarfá an uair sin ná pósfá mé do gheobhainn bás ar an bpoinnte baise. Beidh saoghal sona sásta againn anois, ar seisean- Informant
- Seán Ó Gribhthín
- Gender
- Male
- Address
- An Fhothrach Mhór, Co. Kerry