School: Mín Árd

Location:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Teacher:
Ml. Ó Caomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 225

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 225

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Árd
  2. XML Page 225
  3. XML “Leac Shiobhán na nGeimhleach cois na Trá Bige i bParóiste Lios Póil”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ag fághailt bháis go tiugh leis. Níor bhfhéidir aon leigheas d'fhághailt do. Chuaidh duine éigin amach ar leigheas sa deire , éinne a aistreóchfaí ó'n dtaobh thuaidh go dtí an taobh theas de Abha an Lonndraigh go sábhálfaí é mara mbeadh an breoidhteacht ar iomchur aige sara n-aistreóchfaí é. Bhídis go léir ag tabhairt aghaidh ar Cheann Árd i dtaobh an áit a bheith chómh beannuighthe agus í fá thearmain Fhionáin. Is minic a bhíodh os cionn dachad duine i ngach tig an fhaid a bhí an breoidhteacht ar an dtaobh thuaidh de'n bparóisde. D'aistrígheadh aon bhean amháin thar an abhainn ach bhí sé ró dhéanach mar go raibh an breoidhteacht uirthe. Is ag dul i n-olcas a bhí sí agus nuair ná raibh sí ag fághail bháis chaitheadar í aistriú airís agus chómh luath agus bhí sí thar Srúil na Trágha Bige cailleadh í. B'é an áit gur leigeadh amach í ná ar leac mhór atá ar thaobh Dhún-Síon agus glaodhtar Leac Shiobháinín na'nGialach riamh ó shoin air mar Siobhán ab ainm do'n mhnaoi.
    Chonnaic fear ó Thráighlí an leac so agus dubhairt sé go mbeadh sí oireamhnach dhá mhuilinn féin. Chuir sé beirt fhear agus dhá chapall ag triall uirthe. Thugadar leo í ach chuaidh na capaill ar lár sa tSrúil. B'éigin dóibh iad a scur amach agus an leac d'fhágaint ansan 'na ndiaidh. Maidean lá'r na bháireach bhí an chloch thiar san áit chéadna airís, agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    Cinn Aird Iarthach, Co. Kerry
    Informant
    Máire Nic Gearailt
    Gender
    Female
    Address
    An Bhánóg Bheag, Co. Kerry