School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 226
- XML “Leac Shiobhán na nGeimhleach cois na Trá Bige i bParóiste Lios Póil”
- XML “Tobar Naomh Eoin Baiste”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus ó'n lá san go dtí an lá atá indiú ann ní raibh aon bhaint ag éinne leis.
- Tobar Naomh Eoin Baiste.
Tá an tobar beannuighthe seo suidhte in aice le Bágh an Daingin, cúpla céad slat taobh thiar de Chaisleán na Mináirde. Tá an cháil ar an dtobar seo, agus tagann na sluaighte daoine chun an turas do thabhairt ann ar an 29adh de Lughnasa gach bliain. Tá leigheas go speisialta ann do dhaoinibh go bhfuil tinneas cinn ag cur ortha, ach deirtear go ndeineann an turas seo maitheas do gach aoinne, is cuma cad é an aicíd no máchail atá air.
Tá sé ráidhte annso gur leighiseadh cailín ann trí fichid bliain ó shoin agus gur mhiorbhúilt an leigheas céadna. De mhuinntir Chinnéideach an cailín seo-- inghean do "Sheán a' Bháid" ós na Dúnta i bparóisde seo na Mináirde. Bhí an cailín bocht as a meabhair uair agus bhí daoine ag tabhairt aire dhi ar feadh tamaill. D'éaluigh sí uatha oidhche agus chaitheadar an oidhche 'á lorg. Ar maidin cá bhfhuaireadar í(continues on next page)- Informant
- Eibhlín Bean Uí Shúilleabháin
- Gender
- Female
- Age
- 80
- Address
- An Mhin Aird Thiar, Co. Kerry