School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 225
- XML “Leac Shiobhán na nGeimhleach cois na Trá Bige i bParóiste Lios Póil”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ag fághailt bháis go tiugh leis. Níor bhfhéidir aon leigheas d'fhághailt do. Chuaidh duine éigin amach ar leigheas sa deire , éinne a aistreóchfaí ó'n dtaobh thuaidh go dtí an taobh theas de Abha an Lonndraigh go sábhálfaí é mara mbeadh an breoidhteacht ar iomchur aige sara n-aistreóchfaí é. Bhídis go léir ag tabhairt aghaidh ar Cheann Árd i dtaobh an áit a bheith chómh beannuighthe agus í fá thearmain Fhionáin. Is minic a bhíodh os cionn dachad duine i ngach tig an fhaid a bhí an breoidhteacht ar an dtaobh thuaidh de'n bparóisde. D'aistrígheadh aon bhean amháin thar an abhainn ach bhí sé ró dhéanach mar go raibh an breoidhteacht uirthe. Is ag dul i n-olcas a bhí sí agus nuair ná raibh sí ag fághail bháis chaitheadar í aistriú airís agus chómh luath agus bhí sí thar Srúil na Trágha Bige cailleadh í. B'é an áit gur leigeadh amach í ná ar leac mhór atá ar thaobh Dhún-Síon agus glaodhtar Leac Shiobháinín na'nGialach riamh ó shoin air mar Siobhán ab ainm do'n mhnaoi.
Chonnaic fear ó Thráighlí an leac so agus dubhairt sé go mbeadh sí oireamhnach dhá mhuilinn féin. Chuir sé beirt fhear agus dhá chapall ag triall uirthe. Thugadar leo í ach chuaidh na capaill ar lár sa tSrúil. B'éigin dóibh iad a scur amach agus an leac d'fhágaint ansan 'na ndiaidh. Maidean lá'r na bháireach bhí an chloch thiar san áit chéadna airís, agus(continues on next page)- Informant
- Máire Nic Gearailt
- Gender
- Female
- Address
- An Bhánóg Bheag, Co. Kerry