School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 235
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)h-oidhche tháinig sé go dtí tig na mná. Do bhuail sé cnag ar an doras, d'oscail bean a' tighe é agus dubhairt - "Cé tá ansan?" "Seáinín," ars' an fear amuigh. "Cad é an scéal atá agat nó cad a thug anso tú? ar sise. "Teastuíonn cúig púintuaim" ar seisean. Thug sí an tairgead do agusdubhairt sí - "ná bíodh easbadh ort." D'imthigh sé leis agus d'imthigh an bhean na codladh. Lá'r na bháireach nuair a tháinig an sclábhuidhe d'innis bean a' tighe an scéal do.An tarna oidhche tháinig an sclábhuidhe airís agus aibíd Sheáinín air. Bhí an bhean imithighthe a codladh ach d'eirigh sí. D'oscail sí an doras agus dubhairt sí - Cé tá amuigh," Seáinín ars' an sclábhuidhe, agus teastuigheann cúig púint uaim. Thug an bhean do é agus d'imthigh sé leis. Tháinig sé an triomhadh oidhche agus an scéal céadna aige. Dar ndóighcheap an bhean gur Seáinín a bhí ann agus thugan t-airgead do. An lá 'na dhiaidh san do labhair bean a' tighe leis an mbuachaill. "Nár tháinig Seáinín airís airéir," ar sise, "Tácúig púint déag fachta anois aige uaimagus caithfidh mé dul go dtí an sagartmar gheall air." "Dheara ná dein, an turas so," ars' an sclábhuidhe ach teighir chuige má thagann Seáinín aon oidhche eile," ar seisean. Do ghlac bean a'tighe a chomhairle agus níor(continues on next page)
- Informant
- Máire Bean Thomáis Uí Núnáin
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Address
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry