School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 236
- XML “Scéal”
- XML “Scéal Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)chuaidh sí go dtí an sagart mar nár tháinig Seáinín as san amach.
- Bhí bean ann fadó agus bhí beirt inghean aici. Chuaidh sí go dtí an tAifrionn an lá so agus d'fhág sí duine acu darbh ainm Siobháinín istigh. Dubhairt sí léithe leite do dhéanamh i gcóir an dínnéir. Nuair a bhí an leite déanta aici dubhairt sí léi féin go n-íosfadh sí a cuid féin de. Nuair a bhí san déanta cheap sí ná braithfeadh a máthair ná a driofúr spiunóg beag as a bplátaí. Bhí sí ó spiunóg go spiunóig go raibh an leite ar fad ithte aici.Nuair a tháinig an mháthair abhaile agus gan aon nídh le n-ithe aici do bhí sí ar buile. Rug sí ar an scuaib agus lean sí Siobháinín amach an doras chun í bhualadh. Bhí fear ag gabháil an bóthar agus chonnaic sé íad. D'fiafruig sé den máthair cad 'na thaobh go raibh sí ag bualadh a h-inghíne mar sin, agus d'fhreagair sise nár fhéad sí fanúint socair. "Tabhair dómhsa í mar sin;" ars an fear, agus do thug.
Chuadar abhaile agus phósadar. Do mharbhuigheadar muc uair agus nuair a bhí sí sa(continues on next page)- Informant
- Eibhlín Bean Uí Shúilleabháin
- Gender
- Female
- Age
- 80
- Occupation
- Baintreach
- Address
- An Mhin Aird Thiar, Co. Kerry