School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 237
- XML “Scéal Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)tsoithig d'fhiafruig Siobháinín de Dhómhnaillín cad a dhéanfaidis leis an bhfeóil. Ó, i gceann seachtmhaine beidhmíd á cur mar leasú ar an gcabáiste é, ars' Dómhnall. Lá amháin agus í 'na h-aonor do rith smaoineamh chúiche go raibh sé in am an fheoil do chur á leasú leis an gcabáiste. Thosnuig sí ag tarrac na feóla amach ar a lán dícheall agus níor bhfada go raibh an soitheach follamh agus píosa feola amuigh sa gháirdín le gach plannda cabáiste. Ar maidin bhí an fheoil imthighte ag madraí an bhaile, agus nuair a fuair a fear fios an scéil bhí sé cráidhte, céasta, ciapaithe.Lá eile dubhairt Domhnaillín léithe ím na seachtmhaine do chur isteach i bpróca mór agus é chur i gcoimeád do "Scríbín i gcóir an Earraigh." Chuir sí salann ar an t-ím agus chuir isteach sa chupard é. Tháinig fear déirce an tslighe lá agus dubhairt Siobháinín leis ná raibh aon nídh sa tigh aice ach próca ime i gcóir "Scribín an Earraig" "Dheara nách mise Scribín i gcóir an Earraig," ar seisean agus thug sí an tím do. Bhí a fear cráidhte amach aice agus dubhairt sé léithe obair an tighe d'fhágaint na diaidh agus oibriú feasta amuigh sa pháirc. "Amach leat," ar seisean agus tairrig an doras id' dhiaidh. Bhí sé féin amuigh sa pháirc nuair a chualaidh(continues on next page)
- Informant
- Eibhlín Bean Uí Shúilleabháin
- Gender
- Female
- Age
- 80
- Occupation
- Baintreach
- Address
- An Mhin Aird Thiar, Co. Kerry