School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 246
- XML “Liosanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Liosanna:
Tá na liosanna so go léir i bParóisde na Mináirde, i gceanntar na scoile seo.Baile Fearainn--Na Dúnta: Baile beag é seo ar bhruach na fairrge ar an dtaobh thiar thuaidh de'n bparóisde.1:Lios an Cheóil: ar thalamh Thaidhg Uí Ghailleabháin.
Cuma cruinn uirthe agus bóna (claidhe mór chré) mór dtimcheall uirthe. Deirtear go gcloistí ceól go minic sa tsean aimsir sa lios seo. Tá droch-cháil uirthe agus bíonn eagla ar dhaoinibh dul in aice an leasa ist oidhche fós.
Tá seanduine, Mícheal Ó Cinnéide (feirmeóir) 'na chómhnuidhe sa bhaile agus chualaidh sé na scéalta so leanas ón a athair féin atá caillte le 30 bliain, mar gheall ar an lios.
(a) Timcheall le céad bliain ó shoin do chuir feirmeóir uain óga isteach sa lios mar fear sanntach do b'eadh é agus ní chaillfeadh sé an méid sin féir. Do bhain sé na sceacha sa lios agus chuir sa bhearnáin iad chun ná tiocfadh na h-uain amach. Maidion lá'r na bháireach do thuit an lug ar an lag air nuair ná raibh na h-uain le fághail sa lios ná na sceacha sa bhearnain.
An bliain na dhiaidh san do phrioc an tsainnt airís(continues on next page)- Informant
- Micheál Ó Cinnéide
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Na Dúnta Thoir, Co. Kerry