School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1. Faithiní: (1) Nigh iad i gcúbhráin na bprátaí beirbhighthe.nó (2) Nigh iad in uisce cloiche gan iarraidh.nó (3) Cimil sugha an chaisreabháin leo.nó (4)cóirimh na faithní agus an oiread céadna cloch cuir i bpáipéir agus fág ag crosaire bhóthair iad. An chéad duine a bhuaileann a chos i gcoinnibh na gcloch seo geobhaidh sé na faithní.2. Fadharcáin(corns) Nigh do chosa i bpoll phortaigh nó sa tsáile.Neascóidí: 1. Cuir ceiridhe de ghallúnaig agus siuicre (meascaighthe) leis an neascóid chun an stuif do tharrac.
2. Túm piosa aráin bháin(builín)in uisce bog agus buail leis an neascóid é nód'aon áit tinn go bhfuil braon ann.3. Aisiog : (a) Uisce na dtrí dteorainn d'ól, i.e. uisce a gheibhtear in áit go mbuaileann teorannta trí mbailtí le chéile. Tá a leithéid d'uisce sa pharóisde so. Buaileann talamh an Ghleanna, na hEaglaise agus na Mináirde Thiar le na chéile ar bruach abhann na Mináirde, agus deirtear go bhfuil an buadh réamhráidte ag uisce na h-abhann san áit sin.
(b) Uisce na sáile agus an taoide ag líonadh d'ól.(continues on next page)