School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 260
- XML “Seancheirdeanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seana-Cheárdanna.i: Déanamh Coinnle: Go dtí dachad bliain ó shoin bhíodh muinntir na h-áite seo ag déanamh a gcoinnle féin. Nuair a mharbhuightí bó nó bulán nó caoire bailightí an saill i gcóir na gcoineall. Deintí an gheir do leigheadh. Bhíodh múnla déanta do stán na luadh ins gach tig. Cuirtí snáithín chadáis tríd an múnla agus amach tré pholl 'na bhun, agus snaidhm ar sa taobh amuigh. Ag béal an mhúnla bhíodh lúb ar an snáithín, tairnge tríd an lúb i dtreo go mbíodh an snáithín go daingean. Scaoiltí an gheir leighte isteach sa mhúnla agus bhíodh an snáithín mar bhuaiceas trí na lár. D'fhágaidís ann é go gcruadhfadh sé. Do sháidhidís
an múnla isteach in uisce te go ceann nóimite agus ansan thairrigighdís amach an coinneall. Dheinidís mórán díobh mar an gcéadna.
ii: An páideóg:
An saghas lampa a bhíodh acu. Píosa stáin agus déanamh fó chupain air. Geir leachta nó íle ann. Bhíodh geitire scúibhte tumtha ins an gheir agus lasaidís an cheann eile de.iii: Ciseáin:
De thuigtí agus sliotharnaig do dheinidís iad. Bhiodh boscaedí acu chun uibheacha do bhreith go dtí'n siopa. Birdeóga : chun prátaí do chnuasach ionnta, nó chun prátaí do nighe ionnta a usáidtí iad. Chun na boscaédí agus(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Gearailt
- Gender
- Female
- Address
- An Bhánóg Bheag, Co. Kerry