School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 263
- XML “Seancheirdeanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Líon agus lín-éadach. Do chuirtí mórán lín sa pharóisde seo sa tseanaimsir. Taréis an líon do tharrac do deintí punannacha dhe. Cuirtí isteach i bpoll doimhin uisce é go dtí go mbíodh an stuif bog leighte. Tógtaí amach ansan é agus do leathtaói amach ar an bpáirc é chun é do thriomú, agus do thriomuightí níos fearr é inaice na teine sa bhaile. Do bhuailtí go maith ansan é le tuairgní chun é ghlanadh agus é dhéanamh briosc. Do tharraingightí agus glantaí go maith é leis an tlúghlín chun an bunach nó líon garbh do bhaint as. Thairraingídis tríd an dtaistil nó seiceal é agus ansan bhíodh sé ullamh chun sníomh . Bhí túirnín lín ins gach tig chuige sin. Thugaidís an snáithín lín go dtí an figheadóir chun piosai lin-éadaig a dhéanamh de. Bhíodh cuid de'n lin-éadach go deas mín, agus úsáidtí é sin chun léinteacha agus bairilíntí áirithe do dhéanamh. Bhíodh cuid eile garbh agus usáidtí é chun bairilíntí eile agus araile do dhéanamh.
- Collector
- Máire Nic Gearailt
- Gender
- Female
- Address
- An Bhánóg Bheag, Co. Kerry