School: Mín Árd

Location:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Teacher:
Ml. Ó Caomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 263

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 263

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Árd
  2. XML Page 263
  3. XML “Seancheirdeanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Líon agus lín-éadach.
    Do chuirtí mórán lín sa pharóisde seo sa tseanaimsir. Taréis an líon do tharrac do deintí punannacha dhe. Cuirtí isteach i bpoll doimhin uisce é go dtí go mbíodh an stuif bog leighte. Tógtaí amach ansan é agus do leathtaói amach ar an bpáirc é chun é do thriomú, agus do thriomuightí níos fearr é inaice na teine sa bhaile. Do bhuailtí go maith ansan é le tuairgní chun é ghlanadh agus é dhéanamh briosc. Do tharraingightí agus glantaí go maith é leis an tlúghlín chun an bunach nó líon garbh do bhaint as. Thairraingídis tríd an dtaistil nó seiceal é agus ansan bhíodh sé ullamh chun sníomh . Bhí túirnín lín ins gach tig chuige sin. Thugaidís an snáithín lín go dtí an figheadóir chun piosai lin-éadaig a dhéanamh de. Bhíodh cuid de'n lin-éadach go deas mín, agus úsáidtí é sin chun léinteacha agus bairilíntí áirithe do dhéanamh. Bhíodh cuid eile garbh agus usáidtí é chun bairilíntí eile agus araile do dhéanamh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Nic Gearailt
    Gender
    Female
    Address
    An Bhánóg Bheag, Co. Kerry