School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 269
- XML “Piseoga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)shoin d'árduigheadh na mná ológón chómh luath agus bhíodh sé ráidhte. Do ghoileadh muinntir an tighe le gach dream a thagadh isteach.Bhí baintreach bocht 'na cómhnuidhe timcheall le trí fichid bliain ó shoin cúpla céad slat ó dheas ón scoil seo, inaice an Chaisleáin. "Drom a' Doire" a glaoidhtí ar an áit 'nar chómhnuigsí. Bhí beirt cloinne uirte, mac agus inghean. Fuair an t-inghean bás agus chuaidh mná an bhaile chughtha chun an cailín bhocht do shíneadh amach i gceart 's i gcóir. Níor ghoil an mháthair bhocht go dtí go raibh gach nídh déanta acu, agus ansan do chaoin sí a h-inghin: -
"Mo thaisce is mo laogh agus níl aon bhó fán spéir
A thógfaí uaithe a laogh ná cuirfeadh aiste géim."
Dubhairt sí le na mac: -"Is fliuch an teine a ceapadh duinne, i nDrom a' Doire,
Idir dhá chnoc agus an doras dúnta.
Cág agus fiolar na coille im'dhúiseacht
Agus glór na toinne ar cur codladh amú orm."(continues on next page)- Informant
- Eibhlín Bean Uí Shúilleabháin
- Gender
- Female
- Age
- 80
- Address
- An Mhin Aird Thiar, Co. Kerry