School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 270
- XML “Piseoga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)13. Nuair a bhítear ag malartú uibheacha chun iad a chur ar gor cuirtear ceann nó dhó breise isteach chun go mbeadh an t-ádh leo.14. Nuair a thagann duine isteach i dtig agus an cuigeann 'á dhéanamh ann tugann sé cúpla casadh don meadar sar a dtagann sé amach.15. Ní ceart teacht amach as tig ach tríd an doras gur gabhais isteach tríd.16. Tá daoine ann a chreideann nách ceart caoire ná ceann an duine do bhearradh Dia Luain.17. An duine a bhriseann scáthán deirtear ná beidh an rath air go ceann seacht mbliana.18. Nuair a thugann daoine áirithe bláthach nó maothal nó aon bhainne do mhuinntir tighe eile cuirtear gráinne salainn ann. Cuirtear gráinne salainn ar píosa feola leis sar a tugtar do'n gcomharsan é.19. Ní leigtear d'aoinne spre teine do thógaint amach as tig an fhaid a bhíonn an cuigeann'á dhéanamh.20. Do bhristí cupán, pláta nó gloinne ar na póstaidheachta sa blianta ó shoin chun go mbeadh an t-ádh leis an lanamhain óig.21. Nuair a bhíonn duine ag pósadh gheibheann sé balléadaigh éigin ar iasacht le caitheamh (stocaí cur i gcás) . "Something old, something new, something borrowed and something blue."22. Deirtear go mbíonn an mí-ádh leis an duine a(continues on next page)
- Informant
- Eibhlín Bean Uí Shúilleabháin
- Gender
- Female
- Age
- 80
- Address
- An Mhin Aird Thiar, Co. Kerry